Glao ar Iarratas ar Dheontas faoin Acht Ealaíon 2022
Tá lúcháir ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Chill Chainnigh a ngairm amach ar iarratais ar Dheontas an Achta Ealaíon 2022 a fhógairt
Tá lúcháir ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Chill Chainnigh a ngairm amach ar iarratais ar Dheontas an Achta Ealaíon 2022 a fhógairt
Deontais faoin Acht Ealaíon 2022
Ligeann Acht Ealaíon 2003 d’údarás áitiúil cúnamh airgeadais a sholáthar chun leas an phobail sna healaíona a spreagadh, eolas, meas agus cleachtais na n-ealaíon a chur chun cinn nó caighdeáin sna healaíona a fheabhsú. San acht seo, ciallaíonn an abairt “na healaíona” léiriú cruthaitheach nó léirmhínitheach (traidisiúnta nó comhaimseartha) i cibé foirm agus folaíonn sé go háirithe amharcealaíona, amharclann, litríocht, ceol, scannán, litríocht, damhsa agus imeachtaí ildisciplíneacha.
Cé atá incháilithe iarratas a dhéanamh:
- Grúpaí agus Eagraíochtaí a chuireann na hEalaíona chun cinn
- Ealaíontóirí Aonair – gach foirm ealaíne – le cur ar a gcumas leanúint lena gcleachtas, forbairt laistigh dá ndisciplín roghnaithe agus tionscadail a sheachadadh.
Ní féidir iarratas ar dheontas a dhéanamh ach faoi cheann amháin de na catagóirí thuas. Ní féidir le grúpaí agus le daoine aonair ach iarratas amháin a dhéanamh ar Dheontais faoin Acht Ealaíon gach bliain.
Is é an dáta deiridh chun iarratais chomhlánaithe a fháil ar Dheontais an Achta Ealaíon ná 4pm Dé Luain 24 Eanáir 2022 ar a dhéanaí.
Is féidir foirmeacha iarratais, treoirlínte agus critéir do gach rud thuas a fháil ó:
Bernadette Roberts, An Oifig Ealaíon, Comhairle Contae Chill Chainnigh
T: 056 779 4938 S: bernadette.roberts@kilkennycoco.ie
Is féidir foirmeacha iarratais agus treoirlínte a íoslódáil ón nasc seo freisin: Foirm Iarratais agus Treoirlínte faoin Acht Ealaíon 2022.docx (méid 348.3 KB)